|
Dar leis a lán ó phobal na Gaeilge, d’fhéadfadh gealltanais i leith na Gaeilge sa Chomhaontú a bheith mar chéim mhór chun tosaigh, ach níl siad á gcomhlíonadh. Is iad siúd torthaí ó bhailiúchán de thuairimí pearsanta agus ó shuirbhé a chruinnigh POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge. San fhoilseachán nua, tá 15 chaibidil – caibidil amháin in aghaidh na bliana ó síníodh an Comhaontú. Agus tuairimí éagsúla, suimiúla ó réimse leathan de dhaoine, ó bhunaitheoir Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, Séamus Mac Seán, ó léiritheoir scannáin agus teilifíse, Pilib Mac Cathmhaoil, ón Ollamh Dónall Ó Baoill, ó thuairisceoirí Eoghan Ó Neill agus Robert McMillen go scríbhneoir agus tuismitheoir lán aimseartha, Máire Zepf. Chomh maith, rinne POBAL suirbhé le 140 oideachasóirí agus múinteoirí, agus fuarthas amach go bhfuil tacaíocht iontach ard ann do ghníomhartha ó thaobh reachtaíochta, polasaithe agus straitéise de, chomh maith le hard leibhéil mhíshásaimh leis an dóigh a bhfuil gealltanais na gComhaontaithe a gcur i crích.
|