|
|
Áirítear leis na hionaid lae na hionaid a sholáthraíonn gníomhaíochtaí lae ar nós na n-áiseanna caithimh aimsire, spóirt agus fóillíochta agus na n-áiseanna sainchlinice a sholáthraíonn teaglaim de sheirbhísí athshlánaithe leighis agus gairme. Soláthraítear ionaid lae ar bhonn athraitheach ar fud na tíre, roinnt acu arna maoiniú ag an bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus cinn eile arna maoiniú ag eagrais deonacha. Ní bhíonn na hionaid lae a sholáthraíonn cúram leighis chomh forleathan céanna, agus is é an FSS a mhaoiníonn iad. Is trí tharchur a fhaightear rochtain ar na hionaid lae, agus bíonn na coinníollacha incháilitheachta éagsúil ó cheantar go ceantar, rud a chiallaíonn go mbíonn tástálacha i bhfeidhm i roinnt cásanna.
|