|
|
Maidir le roinnt cionta drugaí (drugaí srianta i seilbh duine, drugaí srianta i seilbh duine lena ndíol nó lena soláthar go mídhleathach, briseadh na rialachán maidir le codlaidín, codlaidín nó cannabas a fhás, nó oidis a bhrionnú nó a athrú go calaoiseach), d’fheadfadh an chúirt a chinneadh nárbh iad na gnáthphionóis an freagra ab fhearr. Féadfaidh an chúirt tú a chur siar faoi choinneáil ar feadh cibé tréimhse a mheasann sí is gá (ach gan dul thar ocht lá má bhíonn tú faoi choinneáil). I rith an ama sin, féadfaidh an chúirt a iarraidh ar Feidhmeannacht na Seirbhise Sláinte (FSS), ar oifigeach promhaidh nó ar dhuine incháilithe eile tuairisc sláinte a ullmhú nó/agus tuairisc faoi do chúinsí gairmiúla oideachasúla agus sóisialta. Féadfaidh sí a iarraidh orthu moltaí a dhéanamh faoi do chóireáilse.
|