|
|
Ní hionann an imní a chuireann an Roinn ar aghaidh chuig na húdaráis scoile (agus a chuireann an Roinn in iúl do FSS ag an am céanna) agus imní a agraíonn an Roinn. De ghnáth, is imní faoi chosaint leanaí a thuairiscigh duine don Roinn a bhíonn i gceist, rud nach mór don Roinn a chur ar aghaidh, gan bhreithiúnas, chuig na húdaráis scoile agus chuig FSS, i gcomhréir le Tús Áite do Leanaí. Cuirfear an scoil ar an eolas faoi cé a tharraing aird na Roinne ar an imní (mura n-iarrann foinse na himní anaithnideacht nó má tá an fhoinse gan ainm).
|