|
I ngach comhaontú Fruilcheannaigh, is leis an gcuideachta mhaoinithe an gluaisteán i gcónaí agus ní thugtar úinéireacht don fhruilcheannaitheoir go dtí go bhfuil an tráthchuid deiridh íoctha. Má aimsigh tú gluaisteán athláimhe a thaitníonn leat, sula gceannaíonn tú é, fiafraigh cé acu ar ceannaíodh nó nár ceannaíodh é roimhe seo ar Fruilcheannach. Ba cheart duit a chinntiú go ndearnadh gach íocaíocht Fruilcheannaigh ar an ngluaisteán d’fhonn gur leis an díoltóir an gluaisteán, seachas leis an gcuideachta mhaoinithe. Is féidir a sheiceáil an bhfuil an gluaisteán a bheartaíonn tú a cheannach fós faoi chomhaontú Fruilcheannaigh – soláthraíonn cuideachtaí éagsúla ar líne an tseirbhís seo. Is féidir, chomh maith leis sin, gnéithe eile de stair na feithicle a sheiceáil ar líne, ina measc cánachas agus stair na Tástála Náisiúnta Gluaisteán (an TNG) agus cé acu an raibh nó nach raibh an gluaisteán scriosta roimhe seo.
|