|
|
Eisítear billí leictreachais gach dhá mhí agus bíonn siad bunaithe ar léamh méadar nó ar mheastacháin faoin leictreachas a úsáideadh. Maidir leis an léamh sin, is féidir é a fháil ach an méadar féin a léamh nó is féidir leis an gcustaiméir an léamh a chur isteach. Tugann léitheoir méadair ó ESB Networks cuairt ar do theach chun an méadar a léamh ceithre huaire in aghaidh na bliana. Nuair a theipeann ar léitheoir an mhéadair teacht isteach chun an méadar a léamh, fágann sé nó sí cárta ag tabhairt cuireadh duit an léamh méadar a chur isteach tríd an láithreán gréasáin nó an léamh a thabhairt trí uimhir speisialta Saorghlao a dhiailiú 1850 337 777. (Córas Idirghníomhach Freagartha Gutha is ea é seo a bhíonn ar fáil 24 uair an chloig in aghaidh an lae). Mura bhfaightear léamh faoi cheann 48 uair an chloig, eisítear bille measta.
|