|
|
Tógadh Fidelma Ní Ghallchobhair le Béarla i gCill Dara agus thugadh sí cuairteanna rialta ar Ghaeltacht Láir Thír Chonaill, áit dúchais a máthar. Bhain sí bunchéim amach sa Ghaeilge agus sa Laidin agus iarchéim sa Nua-Ghaeilge, chomh maith leis an ATO (Ard-Teastas san Oideachas) i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, tráth ar chaith sí tréimhsí i nGaeltacht Chonamara. Rinne sí tráchtas M.A. in 1979 ar L.S. Gógan agus a shaothar filíochta agus ansin chaith sí ocht mbliana i mbun eagarthóireachta ar théacsleabhair agus ar leabhair do pháistí in An Gúm. Chuaigh sí ag obair ansin don Choiste Téarmaíochta go dtí go ndeachaigh sí ar scor in 2010. Is ball í den Choiste Téarmaíochta.
|