|
|
Fág an araid mhúirín ina shuí ar fhéar nó ar chré sa chaoi is go mbeidh péisteoga in ann dul isteach inti. Féachfaidh na péisteoga seo chuige go mbeidh sruth aeir ag teacht tríd an ábhar dramhaíola, rud a theastaíonn chun an próiseas múirínithe a thapú agus chun drochbholadh ar bith a sheachaint. De réir mar a dhianscaoiltear an t-ábhar, silfear leacht amach as an gcoimeádán. Níor chóir duit choíche an leacht seo a thriomú, ach ligean dó sileadh isteach san fhéar nó sa chré. Má tá bonn ar an araid, gach seans go bhfuil poill bheaga ann chun go rachadh péisteoga isteach tríothu. Le go mbeidh siad in ann a mbealach isteach a dhéanamh, ba chóir bonn na haraide a ardú ón talamh beagán (.i. 1-2 cm) trí leaca a chur fúithi. Is é an fáth a ndéantar araidí den chineál seo a ardú ná chun nach ndúnfaí na poill ina mbonn, ar shlí nach mbeadh bealach isteach ag péisteoga ná sruth aeir.
|