|
Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim réimse modhanna ar fáil chun an cháin a íoc. Féadfaidh tú a roghnú chun íocaíocht singil amháin a dhéanamh nó féadfaidh tú do chuid íocaíochtaí a íoc de réir a chéile i dtráthchodanna cothroma. Léigh faoi conas do CMÁ a íoc. Féadfaidh tú logáil isteach sa chóras CMÁ ar líne chun féachaint ar do thaifead Cáin Mhaoine Áitiúil agus chun aon riaráistí a íoc (trí do UPSP, Aitheantas Maoine agus Uimhir Aitheantais Phearsanta a úsáid). Is féidir teacht ar CMÁ trí myAccount agus ROS freisin.
|